Lúcás 4:31-37 ABN
31 Chuaigh sé síos go Cafarnáum,cathair sa Ghailíl. Agus bhí sé á dteagasc lá sabóide. 32 Agus ghabh iontas iad faoina theagasc, óir bhí údarás lena bhriathar. 33 Bhí sa tsionagóg duine a raibh spiorad deamhain mhíghlain ann, agus scread sé amach de ghlór ard: 34 “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Ar tháinig tú chun sinn a mhilleadh? Is eol dom cé hé tú: Naomh Dé.” 35 Agus dúirt Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus imigh amach as.” Agus theilg an deamhan ar lár os comhair chách é agus d’imigh amach as, gan dochar a dhéanamh dó. 36 Agus bhí alltacht ar chách agus bhí siad ag caint eatarthu féin a rá: “Cad é mar bhriathar é seo? Óir fógraíonn sé ar na spioraid mhíghlana le húdarás agus le cumhacht, agus gabhann siad amach.” 37 Agus leath a chlú i ngach áit ar fud na tíre.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 4:31-37 ABN
Inspioráid - 2025-09-02 Paidir Laethúil
Sna soiscéil, léimid go raibh na daoine iontach tógtha leis an údarás lenar labhair Íosa. Arís agus arís eile, tacaíonn sé leis an údarás seo le hoibreacha cumhachta agus maitheasa. Inár saol nua-aimseartha, deirtear gur imigh muid ó thaithí údaráis go húdarás na taithí. Cé chomh hoscailte is atáim chun foghlaim ó mo thaithí féin faoi na rudaí a thugann beatha dom?
Agus an bhfuilim sásta glacadh le húdarás na soiscéal maidir le conas ba chóir dom mo shaol a chaitheamh?