Lúcás 4:38-44 ABN
38 Ar fhágáil na sionagóige dó, chuaigh sé isteach i dteach Shíomóin. Bhí máthair chéile Shíomóin gafa ag taom trom fiabhrais, agus rinne siad achainí air ar a son. 39 Agus ina sheasamh dó os a cionn thug sé ordú géar don fhiabhras, agus d’fhág an fiabhras í; agus d’éirigh sí ar an mball agus thosaigh ag freastal orthu.
40 Ar dhul faoi don ghrian, cách a raibh daoine acu a bhí tinn ó aon sort galair, thug siad chuige iad; chuir sé a lámha ar gach duine acu agus leigheas iad. 41 Agus bhí mórán freisin, a n-imíodh na deamhain amach astu, ag screadach agus ag rá: “Is tú Mac Dé.” Agus labhair sé leo go bagrach agus níor lig dóibh labhairt, óir bhí a fhios acu gurbh é an Críost é. ,
42 Nuair a bhí ina lá, ar dhul amach dó, chuaigh sé go dtí áit uaigneach. Ach bhí na sluaite á lorg agus tháinig siad mar a raibh sé, agus bhí á choinneáil le heagla go n-imeodh sé uathu. 43 Ach dúirt sé leo: “Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.” 44 Agus bhíodh sé ag seanmóir i sionagóga Iúdáia. ,
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 4:38-44 ABN
Inspioráid - 2026-09-02 Paidir Laethúil
Is iontach an rud é cé chomh minic a thugann daoine a gcairde breoite, gortaithe chuig Íosa agus a ghníomhaíonn siad mar idirghabhálaithe dóibh. Ní thar a gceann féin a dhéanann siad achainí, ach ar son daoine eile le níos lú cumhachta ná iad féin. A Thiarna, tagaimid chugat lenár ngalar féin nó le galar ár gcairde agus iarraimid ort do lámha cneasaithe a leagan orainn.