Lúcás 5:1-11 ABN
1 Aon lá amháin, agus an slua ag brú isteach air ag éisteacht le briathar Dé, bhí sé ina sheasamh ar bhruach loch Gheinéasaireit, 2 agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta. 3 Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d’iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád. 4 Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.” 5 D’fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d’fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.” 6 Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh, 7 agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi. 8 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” 9 Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad10 agus mar an gcéanna do Shéamas agus d’Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.” 11 Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d’fhág siad gach uile ní agus lean é.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 5:1-11 ABN
Inspioráid - 2025-09-04 Paidir Laethúil
De bharr an mhiorúilt seo, bíonn Peadar faoi gheasa i láthair Íosa, agus tuigeann sé a pheacúlacht féin. Is trí bheith feasach ar ár laigí agus ar ár bpeaca féin a fhásann muid in umhlaíocht agus mar sin a bheimid ina n-uirlisí níos fearr i lámha Dé. Guímis anois ar son na fheasachta feabhsaithe seo.