Lúcás 6:20-26 ABN

20 Agus d’ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt:

“Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.

21 Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.

22 Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine. 23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.

24 Ach is mairg daoibhse atá saibhir, óir tá bhur sólás faighte agaibh cheana. 25 Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol.

26 Is mairg daoibh nuair a bheidh cách ag labhairt go maith oraibh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe bréagacha.


Machnamh on Lúcás 6:20-26 ABN

Inspioráid - 2025-09-10 Paidir Laethúil

Iad siúd a aithníonn a mbochtaineacht féin agus a spleáchas iomlán ar Dhia, is leo ríocht Dé. Beidh luachanna agus bealaí an tsaoil difriúil i gcónaí ó luachanna agus bealaí na ríochta, agus mar sin beidh freasúra ann ó shochaí neamhchreidmheach. Guímis ar son na ndaoine uile atá á ngéarleanúint mar gheall ar a gcreideamh agus iarraimis grásta buanseasmhachta inár ndílseacht do Chríost.

Deir Naomh Pól linn, ina litreacha, intinn Chríost a chur umainn féin. Guímis go mairfimid de réir luachanna agus theagasc Íosa.