Lúcás 6:27-38 ABN
27 “ “Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh, 28 beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh. 29 An té a bhuaileann ar an leiceann tú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta. 30 Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é. 31 Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.
32 Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh. 33 Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna. 34 Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais. 35 Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine. 36 Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach
37 Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh. 38 Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 6:27-38 ABN
Inspioráid - 2025-09-11 Paidir Laethúil
Ní furasta maithiúnas a thabhairt dóibh siúd a ghortaigh sinn go dona, ach tá sampla Chríost agus na mairtíreach iomadúla againn. Ar an gcros, ghuigh Íosa ar son lucht a chéasta, “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Guímis ar son na grásta chun maithiúnas a thabhairt do dhaoine eile agus chun ár riachtanas féin le maithiúnas a aithint.
Éilíonn ár gcreideamh Críostaí orainn maireachtáil ar bhealach difriúil ónár gcultúr saolta. Cuireann na soiscéil i gcuimhne dúinn an riail órga chun caitheamh le daoine mar ba mhaith linn go gcaithfí linn. Sula ndeachaigh Íosa uainn, thug sé aithne nua dúinn: grá a thabhairt dá chéile. Ba é seo an comhartha idirdhealaitheach a bhí ag a dheisceabail. Cé chomh maith agus a chomhlíonann muid é seo?