Lúcás 6:39-42
39 Agus dúirt sé parabal leo: “An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díg? 40 Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir. 41 Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail atá i do shúil féin? 42 Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”