Lúcás 6:43-49 ABN

43 Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta. 44 Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog. 45 Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

46 Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?47 “Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil. 48 Tá sé cosúil le fear ag tógáil tí, a rinne romhar agus tochailt agus a leag an bonn ar an gcarraig. Agus ar theacht don tuile, bhrúcht an chaise i gcoinne an tí sin, ach níor fhéad sé é bhogadh ar a fheabhas a bhí sé tógtha. 49 “An té, áfach, a chuala agus nach ndearna, tá sé cosúil le fear a thóg teach ar an talamh gan bonn faoi, gur bhrúcht an tuile ina choinne, agus thit ar a chéile láithreach; agus ba mhór é treascairt an tí sin.”


Machnamh on Lúcás 6:43-49 ABN

Inspioráid - 2025-09-13 Paidir Laethúil

Is féidir linn an iomarca ama a chaitheamh ag smaoineamh ar a bhfuil le déanamh agus an cinneadh a chuir ar an méir fhada.Dúirt Íosa linn gurb iad a dheisceabail iad siúd a dhéanann toil a Athar.

Má thógaimid ár saol ar bhunús láidir ár gcreidimh, beimid in ann seasamh in aghaidh na stoirmeacha a thagann i ngach saol. Íosa Críost, inné, inniu, mar an gcéanna go deo, sin é an charraig atá mar crann taca againn agus a threoraíonn sinn ar an mbóthar ceart.