Lúcás 7:31-35 ABN
31 Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad? 32 Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir:
‘Rinneamar píobaireacht daoibh,ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh,ach ní dhearna sibh gol.’
33 “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’ 34 Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’’ 35 Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 7:31-35 ABN
Inspioráid - 2026-09-16 Paidir Laethúil
Tá go leor sna meáin chumarsáide atá tarraingteach ach dromchlach, chomh maith le bheith thar a bheith neamhbhuan. Tá súil agam go dtreoróidh an t-am a thógfaidh mé le bheith leat, a Thiarna, mé i dtreo seasamh níos fíre agus níos barántúla. Cabhraigh liom an chaint dhromchlach a ligean uaim agus cloí le do bhriathar nuair a thagann sé gar do mo chroí.