Lúcás 9:1-6 ABN

1 Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas. 2 Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n-easlán. 3 Agus dúirt sé leo: “Ná tógaigí libh aon ní i gcomhair an bhóthair, bata ná tiachóg, ná arán, ná airgead, agus ná bíodh dhá chóta an duine agaibh. 4 Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin. 5 Agus maidir leo seo nach nglacann sibh, ag dul amach as an gcathair sin daoibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.” 6 Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.


Machnamh on Lúcás 9:1-6 ABN

Inspioráid - 2026-09-23 Paidir Laethúil

Dá mbeadh muid in éineacht le hÍosa an lá a cuireadh na deisceabail amach den chéad uair, is dóigh liom go mbeadh a chaint spreagúil rud éigin cosúil le, ‘Tabhair beagán leat, agus coinnigh d’intinn ar an obair’. Bhí an domhan a casadh ar na deisceabail sách ina phraiseach, mar atá b’fhéidir ár ndomhan féin – mar sin, a Thiarna, glac ár lámh agus treoraigh sinn, agus cabhraigh linn iad siúd a mbuailimid leo a fhágáil i riocht níos fearr ná mar a aimsímid iad.