Lúcás 9:57-62 ABN
57 Agus ag gluaiseacht dóibh, dúirt duine éigin sa tslí leis: “Leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” 58 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” 59 Dúirt sé le duine eile: “Lean mise.” Ach dúirt seisean: “A Thiarna, bíodh cead agam dul ar dtús agus m’athair a adhlacadh.” 60 Dúirt sé leis: “Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.” 61 Dúirt duine eile fós: “Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.” 62 Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Lúcás 9:57-62 ABN
Inspioráid - 2025-10-01 Paidir Laethúil
Is cinneadh pearsanta agus coimitmint an Tiarna a leanúint ar feadh ár saoil é ár gcreideamh. Nuair a comhlíonaimid é seo le dílseacht, bíonn sé ina chuid dínn féin. Scríobh an tAthair Michael Paul Gallagher SJ nach maireann, ‘gan lúth gan láthair atá creideamh nach mairtear’ Guímid ar son grásta na buanseasmhachta.