Luke 2:16-21 ABN

16Agus dʼimigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar. 17Agus ar a fheiceáil dóibh, dʼinis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo. 18Agus cách a chuala, bʼionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo. 19Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí. 20 Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

21Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gábhadh sa bhroinn é.