Luke 2:22-40 ABN
22 Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna– 23 mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fireannach ata ina cheadghin, is rud coisricthe don Tiarna e”- 24 agus chun go n-ofrálfaidis mar íobairt, de réir a bhfuil raite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”
25 Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon; agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air. 26 Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna. , 27 Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa teampall, agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí, 28 ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol sé Dia agus dúirt:,
29 “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir dʼfhocail, faoi shíocháin, 30 mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil 31 atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile: 32 solas chun na náisiúin a shoilsiú agus glóir do phobail Iosrael.”
33 Agus bhí a athair agus a mháthair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air. 34 Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar– 35 agus gabhfaidh claíomh trí dʼanam féin–chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”
36Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta. 37 Fágadh ina baintreach í, agus bhí ceithre bliana ochtód an uair seo aici; agus ní fhágadh sí an Teampall, ag seirbhís do Dhia de lá agus dʼoíche le troscadh agus le hurnaithe. 38Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.
39Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, dʼfhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat. 40Agus dʼfhás an leanbh agus neartaigh, é lán dʼeagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Luke 2:22-40 ABN
Inspioráid - 2026-02-02 Paidir Laethúil
Le linn shéasúr na Nollag, feictear daoine áirithe sna soiscéil, agus d’fhéadfadh duine acu, Simeon, luach saothair a thabhairt dúinn má fhanfaimid leis i rith an lae. Cad a d’fhéadfadh a bheith le rá aige linn? Bhuel, creideann sé gur tugadh gealltanas dó – nach bhfaighidh sé bás sula bhfeicfidh sé a shlánaitheoir den chéad uair. Déanann sé a dhícheall dul chuig an teampall gach lá. Tá sé tagtha chuig an áit cheart, ag am ádhúil, agus le meon iontach – agus tugtar a luach saothair dó.