Luke 6:17-23 ABN
17 Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine 18 a tháinig ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a ngalair; agus iad seo freisin a bhí á gcrá ag spioraid mhíghlana, bhí siad á leigheas. 19 Agus bhí an slua ar fad ag iarraidh baint leis, óir bhí cumhacht ag teacht uaidh agus á leigheas uile.
20 Agus d’ardaigh sé a shúile i dtreo a dheisceabal agus dúirt:
“Is méanar daoibhse atá bocht, óir is libh ríocht Dé.
21 Is méanar daoibhse a bhfuil ocras oraibh anois, óir sásófar sibh. Is méanar daoibhse atá ag gol anois, óir déanfaidh sibh gáire.
22 Is méanar daoibh nuair is fuath le daoine sibh agus nuair a scarfaidh siad amach sibh agus bhur n-ainm a aithisiú agus a fhógairt mar dhrochainm, mar gheall ar Mhac an Duine. 23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Luke 6:17-23 ABN
Inspioráid - 2025-11-06 Paidir Laethúil
Tabhair faoi deara an aimsir láithreach a úsáidtear sa chéad cheann de na beannaitheachtaí seo: tá na boicht beannaithe anseo agus anois – ní, a deir Lúcás, toisc go bhfuil siad bocht, ach toisc gur leo Ríocht Dé. Tá gach caidreamh maith bocht toisc nach linn an duine eile. Is bronntanas ón duine eile é duine amháin, agus is bronntanas ó Dhia é gach duine.