Maitiú 1:1-16,18-23 ABN
1 Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.
2 Ghin Abrahám Íosác; ghin Íosác Iacób; ghin Iacób Iúdá agus a dheartháireacha; 3 ghin Iúdá Fearas agus Zára ó Thámár; ghin Fearas Easróm; ghin Easróm Áram; 4 ghin Áram Aimineadab; ghin Aimineadab Náiseon; ghin Náiseon Salmón; 5 ghin Salmón Boaz ó Ráchab; ghin Boaz Ióibeid ó Rút; ghin Ióibeid Iseái; 6 ghin Iseái Dáiví rí.
Ghin Dáiví Solamh ó bhean Úirías;
7 ghin Solamh Róbóam; ghin Róbóam Aibiá; ghin Aibiá Ásaf ; 8 ghin Ásaf Iósáfat; ghin Iósáfat Iórám; ghin Iórám Ózáias; 9 ghin Ózáias Iótám; ghin Iótám Áchaz; ghin Áchaz Eizichias; 10 ghin Eizichias Manasaes; ghin Manasaes Amós; ghin Amós Iósáias; 11 ghin Iósáias Iachónáias agus a dheartháireacha le linn bhroid na Bablóine.
12 Tar éis bhroid na Bablóine, ghin Iachónáias Salaitiéil; ghin Salaitiéil Zoróbaibeil; 13 ghin Zoróbaibeil Aibiúd; ghin Aibiúd Eiliáicím; ghin Eiliáicím Azór; 14 ghin Azór Sadóc; ghin Sadóc Aichím; ghin Aichím Eiliúd; 15 ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób; 16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. ,
18 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. 21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” 22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí macagus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”
– ainm a chiallaíonn, “Tá Dia linn.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Maitiú 1:1-16,18-23 ABN
Inspioráid - 2025-09-08 Paidir Laethúil
Is cinnte gur tréimhse an-deacair a bhí ann seo do Mhuire agus d’Iósaef araon. Is léir ndearna Iósaef dianmhachnamh ar a raibh le déanamh aige agus gur shocraigh sé ar chúrsa áirithe sa deireadh sular idirghabháil an t-aingeal. Is minic a fhágann Dia sinn féin i mbun machnaimh ar a raibh le déanamh againn i gcúinsí deacra. Trí urnaí agus trí bhreithniú cúramach i bhfianaise na soiscéal, ní mór dúinn muinín a bheith againn go dtaispeánfaidh Dia an bealach dúinn.
Tá geallta ag Íosa go mbeidh sé linn i gcónaí. Cé gur fhill sé ar a Athair, níor fhág sé sinn riamh agus tá sé ionainn tríd an Spiorad Naomh. Guímis ar son creideamh níos mó i dTríonóid Naofa ionainn.