Maitiú 11:11-15 ABN

11 “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean. 12 Ó laethanta Eoin Baiste go dtí nois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í. 13 Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin, 14 agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é. 15 An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!