Maitiú 11:2-11 ABN
2 Chuala Eoin, agus é i bpríosún, iomrá faoi oibreacha Chríost, agus chuir sé scéala chuige trína dheisceabail féin, 3 á rá leis: “An tú an té atá le teacht nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?” 4 Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil á chloisteáil agus a fheiceáil agaibh: 5 tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht. 6 Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”
7 Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?
‘Féach, cuirim mo theachtaire romhat a réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair
11 “Deirim libh go fírinneach,níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Maitiú 11:2-11 ABN
Inspioráid - 2025-12-14 Paidir Laethúil
Léirigh Eoin Baiste i gcónaí gur compánach agus réamhtheachtaí iontaofa d’Íosa é, ach mar a fheicimid i soiscéal an lae inniu, bhí gá le dearbhú dó féin uaireanta. An bhfuil athmhachnamh air? B’fhéidir go bhfeicimid rudaí ar bhealach níos lú dubh agus bán anois, rud a raibh muid cinnte faoi tráth.
Nuair a bhíonn ár gcreideamh ag lagú, cad iad na modhanna atá againn chun ár muinín ionat a fháil ar ais, a Thiarna?