Maitiú 11:20-24 ABN

20 Thosaigh sé ansin ag tabhairt achasáin do na cathracha ina ndearnadh an chuid is mó dá mhíorúiltí, i dtaobh nach ndearna siad aithrí:21 “Is mairg duit, a Chorazaín! is mairg duitse, a Bhéatsáidean! Óir, dá mba sa Tuíre agus i Síodón a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionaibhse, is fadó a bheadh aithrí déanta acu faoi éadach saic agus faoi luaithreach. 22 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag an Tuír agus ag Síodón lá an bhreithiúnais ná agaibhse. . 23 Agus tusa, a Chafarnáum,

an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!

“Óir dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.

24 Ach deirim libh, is saoire a bheidh ag talamh Shodom lá an bhreithiúnais ná agatsa.”


Machnamh on Maitiú 11:20-24 ABN

Inspioráid - 2026-07-14 Paidir Laethúil

Bhí Íosa gasta chun moladh agus misneach a thabhairt dóibh siúd a tháinig chun bheith leis gach lá, ach uaireanta – mar atá sa chás a bhfuil cur síos air inniu – d’fhéadfadh sé dul díreach chuig an bpointe nuair a mhothaigh sé go raibh gá leis. Tugadh do bhronntanais, a Thiarna, ansin agus anois, go saor, ach is dhá rud difriúl iad a bheith tairgthe agus a bheith glactha. Cabhraigh linn breith ar an liathróid nuair a thagann sí inár dtreo.