Maitiú 1:18-24 ABN

18 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. 21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.” 22 Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

23 “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”

– ainm a chiallaíonn, “Tá Dia linn.”

24 Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis.