Maitiú 13:31-35 ABN

31 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. 32 Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”

33 D’inis sé parabal eile dóibh:“Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d’fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

34 Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal, 35 agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh:

“Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.” ,


Machnamh on Maitiú 13:31-35 ABN

Inspioráid - 2026-07-27 Paidir Laethúil

Is iontach an rud é smaoineamh ar an méid a d’éirigh le hÍosa a bhaint amach i saol gearr amháin, agus tugann an síol mustaird léargas dúinn ar a bhféadfar a ghiniúint ó thús beag. Ní mór dúinn iarracht a dhéanamh gan a bheith inár staic ná éadóchasach, díreach toisc nach bhfuil an méid a bhainimid amach ag teacht lenár uaillmhian.