Maitiú 15:29-37 ABN
29 Dʼfhág Íosa an áit sin agus bhain amach bord farraige na Gailíle. Chuaigh sé an sliabh suas agus shuigh ansin. 30 Agus tháinig na daoine chuige ina sluaite móra, agus bhí acu leo bacaigh agus mairtínigh agus daill agus balbháin agus mórán eile, agus shín siad ag a chosa iad agus leigheas sé iad. 31 Agus rinne na sluaite ionadh de nuair a chonaic siad caint ag balbháin, mairtínigh slán, siúl ag bacaigh agus radharc ag daill; agus thug siad glóir do Dhia Iosrael.
32 Ghlaoigh Íosa a dheisceabail chuige agus dúirt: “Tá trua agam don slua, mar sin trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon bhia acu. Agus níor mhaith liom iad a scaoileadh chun siúil ar céalacan le heagla go mbuailfeadh laige iad sa tslí dóibh.” 33 Ach dúirt na deisceabail leis: “Cá bhfaighimis a ndóthain aráin don slua seo, agus sinn san fhásach?” 34 Dúirt Íosa leo: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siadsan, “agus tá beagán mioniasc.” 35 Dʼordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, 36 agus thóg sé na seacht mbuilíní agus na héisc, dʼaltaigh, bhris agus thug do na deisceabail iad, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. 37 Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán seacht gcléibhíní.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Maitiú 15:29-37 ABN
Inspioráid - 2025-12-03 Paidir Laethúil
Is cosúil go gcailleann na deisceabail misneach go han-éasca nuair nach bhfuil rudaí ag obair dóibh mar ba mhian leo. Ní fheiceann siad ach míbhuntáistí an lae inniu. Glacann Íosa cur chuige go hiomlán difriúil. Tugann sé faoi deara go gcaithfidh sé go bhfuil na daoine atá i láthair inniu tuirseach agus ocrach.
Is í ceist Íosa dá dheisceabail ná ‘Cad a d’fhéadfaimis a dhéanamh chun misneach agus inspioráid a thabhairt?’, seachas ‘Cad iad na gnéithe den chás a d’fhéadfadh sárú orainn?’