Maitiú 18:1-5,10,12-14 ABN
1 Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?” 2 Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é 3 agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas choíche. 4 Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i ríocht na bhflaitheas. 5 Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m’ainm, glacann sé mise.
10 “Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n-aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m’Athar atá ar neamh., 12 “Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí? 13 Agus más rud é go bhfaigheann sé í, deirim libh go fírinneach, is mó is cúis áthais leis í ná an naoi nóchad a bhí gan dul amú. 14 Mar an gcéanna, ní hé toil i láthair bhur nAthar atá ar neamh go gcaillfí aon duine amháin de na rudaí beaga seo.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Maitiú 18:1-5,10,12-14 ABN
Inspioráid - 2025-08-12 Paidir Laethúil
Sa Phalaistín in aimsir Íosa bhí an ráta mortlaíochta i measc leanaí ard, mar sin ní raibh meas mór orthu.
Is breá le Dia gach a bhfuil ann agus ba mhaith leis go mbeadh muid uile leis ar neamh. Ach toisc go bhfuil saorthoil againn is féidir linn diúltú dul i ngreim a phlean dúinn. Guímid inár nAthair go ndéanfaí a thoil.