Maitiú 19:13-15 ABN
13 Thug siad leanaí chuige ansin chun go gcuirfeadh sé a lámha orthu ag déanamh guí, ach chuir na deisceabail ceartú orthu. 14 Dúirt Íosa: “Ligigí do na leanaí agus ná coiscigí iad ar theacht chugam, óir is lena leithéidí seo ríocht na bhflaitheas.” 15 Chuir sé a lámha orthu agus bhuail sé roimhe ón áit sin.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”