Maitiú 20:1-16 ABN

1 “Óir is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag fear tí a ghabh amach go moch ar maidin chun lucht oibre a fhostú i gcomhair a fhíonghoirt. 2 Réitigh sé leis na fir oibre ar dhéanar sa lá agus sheol sé isteach ina fhíonghort iad. 3 Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh 4 agus dúirt sé leo: ‘Isteach i m’fhíonghort libhse freisin, agus díolfaidh mé libh an pá ceart.’ 5 Agus isteach leo. Chuaigh sé amach arís timpeall an séú agus an naoú huair agus rinne sé an rud céanna. céanna. 6 Ach nuair a chuaigh sé amach timpeall an aonú huair déag, fuair sé tuilleadh acu ann agus dúirt leo: ‘Cad a d’fhág anseo ar feadh an lae sibh agus sibh díomhaoin?’ 7 Dúirt siad: ‘Mar nár fhostaigh aon duine sinn.’ Dúirt sé leo: ‘Sibhse freisin, isteach san fhíonghort libh.’ 8 Nuair a bhí an tráthnóna ann, dúirt úinéir an fhíonghoirt leis an mbainisteoir: ‘Glaoigh ar na fir oibre agus tabhair dóibh a dtuarastal, siar ón dream déanach go dtí an dream is túisce a tháinig.’ 9 Nuair a tháinig muintir an aonú huair déag, fuair siad déanar an duine. 10 Agus shíl an chéad dream nuair a tháinig siad go bhfaighidís níos mó. Ach is déanar an duine a fuair siad sin féin. 11 Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: 12 ‘An dream déanach seo,’ deiridís, ‘níor thug siad ach an t-aon uair amháin, agus chuir tú ar aon dul iad féin agus sinne a d’fhulaing ualach an lae agus an brothall.’ 13 D’fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom? 14 Tóg a bhfuil ag dul duit agus imigh. Ach is áil liomsa oiread a thabhairt don fhear deireanach seo agus a thugaim duit. 15 An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’ , 16 Sin mar a bheidh a bhfuil ar deireadh ar tosach agus a bhfuil ar tosach ar deireadh.”,