Maitiú 22:34-40 ABN

34 Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, 35 agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as: 36 “A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?” 37 Dúirt sé leis: “‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán’— 38 is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. 39 Agus is cosúil léise an dara ceann: ‘Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.’ 40 Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.”