Maitiú 23:13-22 ABN
13 “Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad . 15 Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin.
16 Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’ 17 A dhaoine atá dall gan tuiscint, cé acu is mó le rá, mar sin, an t-ór féin nó an sanctóir faoi deara an t-ór a bheith naofa?18 Deir sibh fós: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an altóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar an ofráil atá anuas ar an altóir, bíonn ceangal air.’ 19 A dhaoine dalla, cé acu ís mo le rá, mar sin, an ofráil, nó an altóir faoi deara an ofráil a bheith naofa? 20 Dá bhrí sin, an té a mhionnaíonn dar an altóir, mionnaíonn sé dar an altóir agus dar a bhfuil anuas uirthi. 21 Agus an té a mhionnaíonn dar an sanctóir, mionnaíonn sé dar an sanctóir agus dar an té a chónaíonn ann, 22 agus an té a mhionnaíonn dar neamh, mionnaíonn sé dar ríchathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Maitiú 23:13-22 ABN
Inspioráid - 2025-08-25 Paidir Laethúil
Leis na céadta bliain, tá daoine gan áireamh curtha amú ag fáithe bréagacha agus ag teagasc bréagach. Inár saol nua-aimseartha, tugtar mífhaisnéis air, ach i mBéarla simplí, níl ann ach bréaga. Dúirt Íosa gur tháinig sé chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Éistimis leis mar a d’ordaigh an tAthair dúinn.
Guímid go bhfásfaidh grásta na tuisceana inár gcreideamh agus go mbeimid dílis do cibé rud a iarrann Dia orainn.