Maitiú 24:37-44 ABN

37 Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. 38 Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, 39 agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine. 40 Beidh beirt fhear sa ghort an uair sin: tógfar duine agus fágfar duine; 41 beirt bhan ag meilt bhró: tógfar bean agus fágfar bean. 42 Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.nn. 43 “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mbʼeol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh. 44 Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.


Machnamh on Maitiú 24:37-44 ABN

Inspioráid - 2025-11-30 Paidir Laethúil

Níl Íosa ag iarraidh orainn fanacht inár ndúiseacht ar feadh na hoíche, ach maireachtáil sa lá atá inniu ann, ionas gur féidir linn an Tiarna a aithint nuair a thagann sé iinár saol. Taispeánann sé é féin sna moimint neamhbheartaithe, sna cur isteach agus sna timpistí a fhéadann mé a chur de mo chothrom.

Múin dom, a Thiarna, d’aghaidh a aithint cibé áit a mbuailim leat.