Maitiú 25:1-13 ABN

1 “Is iad dála ríocht na bhflaitheas an uair sin mar a bhí ag deichniúr maighdean a chuaigh amach agus a lampaí acu in airicis an fhir nuaphósta . 2 Cúigear díobh seo, bhí siad gan tuiscint agus bhí an cúigear eile ciallmhar; 3 mar, thug na mná gan tuiscint na lampaí leo agus gan aon ola acu, 4 ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí. 5 Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh. 6 Ach glaodh i lár na hoíche: ‘Chugaibh an fear nuaphósta! Amach libh ina airicis!’ 7 D’éirigh na maighdeana sin uile ina suí agus dheasaigh siad a lampaí. 8 Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n-olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’ 9 D’fhreagair lucht na céille iad: ‘Le heagla,’ ar siad, ‘nach mbeadh ár ndóthain ann dúinn féin agus daoibhse, b’fhearr daoibhse dul go dtí lucht a díolta á ceannach daoibh féin.’ 10 Bhí siad ag dul á ceannach nuair a tháinig an fear nuaphósta, agus iad seo a bhí ullamh, chuaigh siad isteach in éineacht leis chun na bainise, agus dúnadh an doras. 11 Sa deireadh, tháinig na maighdeana eile freisin: ‘A thiarna, a thiarna,’ ar siad, ‘oscail dúinn!’’ 12 Ach d’fhreagair sé agus dúirt: ‘Deirim libh go fírinneach, níl aithne agam oraibh.’ 13 Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.,