Maitiú 8:23-27 ABN

23 Ansin chuaigh Íosa ar bord an bháid agus lean a dheisceabail é. 24 Agus tháinig, go tobann, suaitheadh chomh mór sin san uisce go raibh an bád á mhúchadh ag na farraigí. Ach bhí sé féin ina chodladh. 25Agus tháinig siad chuige á mhúscailt ag rá: “A Thiarna, saor sinn, tá an bás againn!” 26 Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D’éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór. 27 Bhí ionadh ar na fir agus deiridís: “Cén sórt duine é seo a rá go ndéanann na gaotha féin agus an fharraige rud air?”


Machnamh on Maitiú 8:23-27 ABN

Inspioráid - 2026-06-30 Paidir Laethúil

Suíomh scanrúil, a bhfui súil againn gan a bheith ann riamh. Glac do mhisneach i do dhá lámh agus téigh isteach sa bhád chun iarracht a dhéanamh tuiscint a fháil ar an gcaoi a mothaíonn sé. B’fhéidir go mbraithfeá scaoll, éadóchas – Nach mbeidh deireadh leis seo choíche? An gcaithfidh mé é seo a fhulaingt liom féin? Má bhíonn an t-ádh leat, gheobhaidh tú amach, mar a tharla leis na haspail, nach bhfuil súil an Tiarna bainte den liathróid ach go bhfuil sé in aice láimhe, réidh le lámh a shíneadh amach.