Maitiú 9:32-37 ABN
32 Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann. 33 Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: “Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.” 34 Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”
35 Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas. 36 Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. 37 Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”