Maitiú 9:32-37 ABN

32 Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann. 33 Agus nuair a bhí an deamhan caite amach as, tháinig a chaint don duine balbh, agus rinne na sluaite ionadh de agus dúirt siad: “Ní fhacthas a leithéid seo in Iosrael riamh.” 34 Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”

35 Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas. 36 Agus nuair a chonaic sé na sluaite, ghlac sé trua dóibh, mar go raibh siad ina luí go tréith mar a bheadh caoirigh gan aoire. 37 Ansin dúirt sé lena dheisceabail: “Tá an fómhar fairsing ach níl ann ach meitheal bheag.


Machnamh on Maitiú 9:32-37 ABN

Inspioráid - 2026-07-07 Paidir Laethúil

Bhí sé deacair ar na daoine a bhí gan chabhair agus ciapiathe a fhios a bheith acu cá háit le casadh. Bhí sé deacair aoirí maithe a aimsiú, ansin agus anois. Iarraimid cúnamh agus comhairle, a Thiarna, maidir leis an gcaoi is fearr le freagairt nuair a thagann daoine cráite chugainn.