Marcas 8:11-13 ABN
11Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as. 12Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.” 13Dʼfhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Marcas 8:11-13 ABN
Inspioráid - 2026-02-16 Paidir Laethúil
An mise is cúis uaireanta le hosna domhain Íosa? An bhfuilim ag fanacht air rud éigin iontach a dhéanamh domsa? Nach leor dó a shaol a thabhairt chun an domhan a shábháil? An deisceabal neamhchinnte mé nach féidir brath air? Guím: ‘A Íosa, ná fág mé i do dhiaidh! Tarraing mé leat agus tú ag ‘trasnú’ go dtí áit nach féidir liom a bhaint amach gan tú, ríocht Dé.