Marcas 8:14-21 ABN
14Rinne siad dearmad aon arán a thabhairt leo, agus ní raibh sa bhád acu leo ach aon bhuilín amháin. 15Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”, 16Agus bhí siadsan ag plé an scéil le chéile: nach raibh aon arán acu. 17Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr? 18Cé go bhfuil súile agaibh, an ea nach bhfeiceann sibh, agus cé go bhfuil cluasa agaibh an ea nach gcluineann sibh? Agus nach cuimhin libh, 19nuair a bhris mé na cúig builíní don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?” Dúirt siad: “Dhá cheann déag.” 20“Agus na seacht gcinn don cheithre mhíle, cé mhéad cléibhín lán de bhruscar a thóg sibh?” Dúirt siad: “Seacht gcinn.” 21Agus dúirt sé leo: “Nach dtuigeann sibh fós?”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Marcas 8:14-21 ABN
Inspioráid - 2026-02-17 Paidir Laethúil
Uaireanta, bíonn frustachas iomlán ar Íosa lena dheisceabail. An dtuigfidh siad riamh an teachtaireacht atá sé ag iarraidh a chur in iúl dóibh le tamall anuas? B’fhéidir go bhfuil an frustrachas céanna air lenár mbómántacht, ach ní cosúil go dtréigfidh sé sinn riamh, fiú nuair a dhéanaimid botúin.