Mark 6:14-29 ABN

14Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.” 15Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.” 16Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: “Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.”

17 Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh. 18 Óir dúirt Eoin le Héaród: “Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.” 19 Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b’áil léi é mharú ach ní fhéadfadh, 20 óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar. 21 Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d’oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle; 22 agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: “Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.” 23 Agus thug sé a mhion di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.” 24 Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: “Cad a iarrfaidh mé?” Dúirt sí siúd: “Ceann Eoin Baiste.” 25 Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d’iarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.” 26 Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi, 27 agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d’ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D’imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é, 28 agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é. 29 Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.


Machnamh on Mark 6:14-29 ABN

Inspioráid - 2026-02-06 Paidir Laethúil

Is minic a chonaiceamar an chaoi ar sheas Eoin Baiste a phointe nuair a bhí sé i gcásanna deacra. Thug sé na tuairimí is macánta a d’fhéadfadh sé don Rí Héaród faoina iompar. Ach is minic a bhíonn praghas le híoc as labhairt amach ar son a gcreideann tú a bheith fíor. An mbíonn muid uaireanta i gcásanna ina bhfuil a fhios againn cad ba cheart dúinn a dhéanamh nó a rá, ach nach ngníomhaímid dá réir?