Mark 6:7-13 ABN
7Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana. 8Dʼordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata–arán ná tiachóg ná airgead sa chrios; 9ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”. 10Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite. 11Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.” 12Agus ar dhul amach dóibh dʼfhógair siad aithrí a dhéanamh 13agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Mark 6:7-13 ABN
Inspioráid - 2026-02-05 Paidir Laethúil
Chuaigh na deisceabail amach in ainm an Tiarna, agus iad den tuairim go raibh rud éigin a chothaíonn beatha acu le tairiscint. Is dócha gur réitigh a ndíograis, a ndóchas agus a muinín an talamh a bhí siad chun a shaothrú agus gur bheannaigh na tréithe sin an obair a mhothaigh siad a cuireadh iad ansin le déanamh. Is dearcadh maith é seo le haithris agus muid ag dul i mbun ár gcúraimí féin.