Matha 1:16,18-21,24 ABN

16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.,

18 Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh. 19 Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal. 20 Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin dó i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é. 21 Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

24 Dhúisigh Iósaef agus dʼéirigh, agus rinne mar dʼordaigh aingeal an Tiarna dó: a bhean a thabhairt abhaile leis.


Machnamh on Matha 1:16,18-21,24 ABN

Inspioráid - 2026-03-19 Paidir Laethúil

Is cosúil go bhfuil suaimhneas agus misneach ar leith ag Iosáf, agus creideamh domhain buan chomh maith. Arís is arís, ón tús ar fad, tagann trioblóid air a scriosfadh is a chroithfeadh duine eile. Tá an bhean atá sé geallta léi torrach, agus ni fios conas ná cé uaidh.

Cén céad tuairim a bhi ag Iósaf? Conas bheadh fhios aige cén mistéir a bhí ag tarlú. An féidir liom a shamhlú na céimeanna a chuaigh sé trithe sular ghlac sé go humhal le toil Dé.