Matha 12:46-50 ABN
46Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis. 47Dúirt duine éigin leis: “Feach, tá do mháthair agus do bhráithre lasmuigh ag iarraidh labhairt leat.”” 48Agus dúirt leis an té a dʼinis dó é: “Cé hí mo mháthair agus cé hiad mo bhráithre?” 49Agus ag síneadh a láimhe faoina chuid deisceabal, dúirt: “Féach mo mháthair agus mo bhráithre! 50óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil mʼAthar atá ar neamh, is bráthair dom é agus is siúr agus is máthair.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”