Matha 14:1-12 ABN

1 San am sin, chuala Héaród, an rí cúige, iomrá faoi Íosa, 2 agus dúirt sé le lucht a chúirte: “Eoin Baiste é seo: tá sé éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.” 3 Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir. 4 Mar dúirt Eoin leis: “Ní ceadmhach duit í bheith agat.” 5 Ba mhaith le Héaródé chur chun báis ach eagla bheith air roimh na daoine, mar bhí meas fáidh acu air. 6 Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród 7 gur gheall sé faoi bhrí na mionn rud ar bith a d’iarrfadh sí a thabhairt di. 8 Bhí ceacht faighte óna máthair aici seo áfach: “Tabhair dom anseo ar mhias,” ar sise, “ceann Eoin Baiste.” 9 Bhuail aiféala an rí, ach mar gheall ar a mhionn agus ar na daoine a bhí ag bord leis, d’ordaigh sé an aisce a thabhairt di, 10 agus chuir faoi deara Eoin a dhícheannadh sa phríosún. 11 Tugadh a cheann isteach ar mhias le tabhairt don chailín agus rug sise ag triall ar a máthair é. 12 Tháinig deisceabail Eoin agus thóg siad leo an corp chun a adhlactha; tháinig siad ansin á insint d’Íosa.


Machnamh on Matha 14:1-12 ABN

Inspioráid - 2026-08-01 Paidir Laethúil

Is slí bheatha chontúirteach í an fhírinne a insint agus labhairt go hoscailte, mar a fuair Eoin Baiste amach ar a chostas féin. D’áitigh sé ar labhairt amach agus a rá go macánta cad a cheap sé a bhí ceart agus mícheart. D’íoc sé an praghas deiridh as a fhírinneacht. Go raibh cuid dá dhíograis agus dá ionracas againn.