Matha 14:13-21 ABN
13 Agus nuair a chuala Íosa é, chuaigh sé i leataobh as sin i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh. Ach fuair na sluaite scéala air, agus tháinig siad amach as na cathracha á leanúint dá gcois. 14 Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo. 15 Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.” 16 Ach dúirt Íosa leo: “Ní gá dóibh imeacht; tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” 17 “Ach,” ar siadsan leis, “níl anseo againne ach cúig builíní agus dhá iasc.” 18 “Tugaigí chugam anseo iad,” ar seisean. 19 D’ordaigh sé do na sluaite luí fúthu ar an bhféar; thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh, bhris, agus thug na builíní do na deisceabail, agus thug na deisceabail do na sluaite iad. 20 D’ith siad uile agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, lán dhá chiseán déag. 21 Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Matha 14:13-21 ABN
Inspioráid - 2025-08-04 Paidir Laethúil
Tháinig na sluaite chuige, agus ní raibh mórán ama aige le haghaidh scíthe. Ina chomhbhá, múineann Íosa iad, agus tuigeann sé a riachtanais fhisiciúla. Níor chosúil gur thug siad faoi deara a n-ocras mar go raibh siad á mbeathú ar leibhéal spioradálta. Nuair a bhíonn ár n-anamacha beathaithe, bíonn níos lú gá le rudaí ábhartha. An dtugaim dóthain ama do riachtanais m’anama?
Insíonn Íosa dá aspail gurb iad féin atá freagrach as na daoine a bheathú. Sa lá atá inniu ann, iarrann sé fós ar dhaoine a mhuintir a bheathú trí Bhriathar Dé agus an Eocairist a thabhairt dóibh. Guímis ar son gairmeacha chun na sagartóireachta agus na beatha reiligiúnda agus ar son grásta na buanseasmhachta dóibh siúd atá sa tslí mhaireachtála seo.