Matha 14:22-36 ABN

22 Ansin chuir sé d’fhiacha ar na deisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall fad a bheadh sé féin ag scaoileadh na sluaite uaidh. 23 Agus tar éis a scaoilte dó, chuaigh sé an sliabh suas ar leithligh chun guí, agus nuair a bhí an tráthnóna ann bhí sé ansiúd ina aonar. 24 Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, á bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha. 25 Sa cheathrú faire den oíche, tháinig sé chucu ag siúl ar an bhfarraige. 26 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. 27 Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

28 D’fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” 29 Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. 30 Ach nuair a d’airigh sé chomh borb agus a bhí an ghaoth, rug an eagla air; thosaigh ag dul faoi uisce agus scread sé amach: “A Thiarna, saor mé!” ar seisean. 31 Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?” 32 Ar dhul isteach sa bhád dóibh, thit an ghaoth. 33 Agus iad seo a bhí sa bhád, d’umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”

34 Ar dhul trasna dóibh bhuail siad talamh ag Geinéasaireit. 35 Nuair a d’aithin muintir na háite sin é, chuir siad scéala ar fud na tíre sin go léir timpeall agus tugadh chuige iad seo go léir a bhí tinn, 36 agus bhí siad á iarraidh air a ligean dóibh fiú amháin a lámh a chur le scothóg a bhrait, agus oiread díobh agus a chuir, bhí siad iomlán.


Machnamh on Matha 14:22-36 ABN

Inspioráid - 2026-08-03 Paidir Laethúil

Smaoiním ar amanna i mo shaol nuair a bhí na tonnta ag bualadh chomh corrach sin gur chosúil gurbh é an t-aon chúrsa gnímh ciallmhar ná impí ar fhaoiseamh láithreach. Bhí mé ag dúiseacht i lár gach oíche le mo láimh in airde agus d’fhéadfainn mé féin a chloisteáil ag béicíl, ‘Sábháil mé, a Thiarna, nó báfaidh mé.’ Bhí mé chomh buíoch ansin, ach d’éirigh liom dearmad a dhéanamh go gasta gur tusa, ní mise, a fuair mé amach as an bpraiseach. Má tharlaíonn sé arís, bí chomh flaithiúil agus a bhí roimhe seo.