Matha 17:1-9 ABN
1Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus a dheartháir Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. 2Agus tháinig claochlú air os comhair a súl: shoilsigh a ghnúis ar nós na gréine agus dʼéirigh a chuid éadaigh chomh gléigeal leis an solas. 3Agus chonacthas dóibh Maois agus Éilias ag comhrá leis. 4Labhair Peadar: “A Thiarna,” ar seisean le hÍosa, “is maith mar tharla anseo sinn: más maith leat é, déanfaidh mé trí bothanna san áit seo, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann dʼÉilias.” 5Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach; dár thug mé gnaoi; éistigí leis.” 6Agus le foghar an ghlóir sin, chaith na deisceabail iad féin ar a mbéal, lán dʼuamhan. 7Tháinig Íosa chucu agus leag a lámh orthu: “Éirígí,” ar seisean; “ná bíodh eagla oraibh.” 8Ar dhearcadh suas dóibh, ní raibh neach ar bith le feiceáil acu ach Íosa féin amháin.
9Agus ar a slí anuas dóibh ón sliabh, thug Íosa ordú dóibh: “Ná labhraigí le duine ar bith faoin bhfís seo,” ar seisean, “nó go mbeidh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”