Matha 21:28-32 ABN
28“Ach bhur mbarúil air seo: Bhí beirt mhac ag duine. Dʼagaill sé duine acu ar dtús: ‘A mhic,’ ar seisean, ‘téighse inniu ag obair san fhíonghort.’’ 29Dʼfhreagair sé é: ‘Tá go maith, a dhuine uasail,’ ar seisean; ach ní dheachaigh. 30Dʼagaill sé an dara duine ar an gcuma chéanna, agus bʼé a fhreagra seo: ‘Ní dhéanfaidh mé,’ ar seisean; ach ina dhiaidh sin tháinig aiféala air agus chuaigh. 31Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé. 32Óir tháinig Eoin chugaibh ar shlí na fíréantachta agus níor chreid sibh ann; na poibleacánaigh, áfach, agus na striapacha, chreid siad ann; agus cé go bhfaca sibhse é sin, níor bhuail an t‑aiféala mall féin sibh chun go gcreidfeadh sibh ann.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”