Matha 23:23-26 ABN
23 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go n-íocann sibh deachú ar an miontas agus ar an lus mór agus ar an gcoimín, agus go ndearna sibh faillí sna nithe ar mó a luíonn an dlí orthu, an ceart agus an trócaire agus an dílseacht. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh agus gan iad siúd a ligean i bhfaillí. 24 A ghiollaí dalla, a dhéanann an corrmhíol a shíothlú amach agus an camall a shlogadh siar.
25 Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go nglanann sibh an taobh amuigh den chupa agus den mhias agus iad lán suas istigh de shlad agus d’ainmheasarthacht. 26 A Fhairisínigh dhaill, déan an taobh istigh den chupa a ghlanadh ar dtús, chun go ndéanfaí an taobh amuigh de glan freisin.
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Matha 23:23-26 ABN
Inspioráid - 2025-08-26 Paidir Laethúil
Scríobh Shakespeare, ‘Nach cuma uasal atá ar an mbréag?.
Úll atá ann, a bhfuil a chroí lofa.’ Tá sé de chumas ionann go léir fás inár gcumas grá a thabhairt agus, le grásta Dé, an leithleachas atá ionainn go léir a shárú. Guímid ar son tíolacthaí an Spioraid Naoimh, grá, áthas, síocháin, foighne, cineáltas, dílseacht, agus misneach chun an fhírinne a lorg agus a mhaireachtáil.