Matha 24:42-51 ABN

42 Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.43 “Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb’eol don fhear tí cén t-am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh. 44 Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.

45 Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth? 46 Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó. 47 Deirim libh go fírinneach, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é. 48 Agus má deir an drochsheirbhíseach sin ina chroí: ‘Tá mo mháistir ag déanamh moille,’ 49 agus go dtosóidh ag bualadh a chomhsheirbhíseach, agus é ag ithe agus ag ól le lucht meisce, 50 tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, 51 agus coscróidh sé é,agus tabharfaidh cion na mbréagchráifeach dó. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.


Machnamh on Matha 24:42-51 ABN

Inspioráid - 2025-08-28 Paidir Laethúil

Tá a fhios againn go léir le cinnteacht iomlán go n-imeoidh muid as an saol seo. Níl i lá nó fiú i mí ach caochadh súl i gcomparáid leis an tsíoraíocht. Spreagann Íosa sinn, sa soiscéal seo, machnamh a dhéanamh ar ár mbásanna féin agus ullmhú trí shaol paidreoireachta agus faireachais.

A Thiarna, cabhraigh linn na rudaí tábhachtacha a fheiceáil i solas na síoraíochta.