Matha 25:31-46 ABN
31“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire. 32Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair. 33Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé. 34Ansin déarfaidh an rí le lucht na láimhe deise: ‘Tagaigí, a lucht bheannaithe mʼAthar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh ó thúsú an domhain. 35Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom, 36 bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do mʼfheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’ 37Freagróidh na fíréin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? 38Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? 39Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’ 40Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’ 41Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal. 42Óir bhí ocras orm agus níor thug sibh aon rud le hithe dom, bhí tart orm agus níor thug sibh aon rud le hól dom, 43bhí mé i mo strainséir agus níor thug sibh aíocht dom, bhí mé nocht agus níor chuir sibh aon éadach orm, bhí mé tinn agus i bpríosún agus níor tháinig sibh do mʼfheiceáil.’ 44Agus freagróidh siad sin é ansin: ‘A Thiarna, cén uair a bhí tú le feiceáil againn agus ocras nó tart ort, nó i do strainséir, nó nocht nó tinn nó i bpríosún agus nach ndearnamar freastal ort?’ 45Ansin freagróidh sé iad: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid nach ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú díobh seo, ní dhearna sibh domsa é ach oiread.’ 46Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Matha 25:31-46 ABN
Inspioráid - 2026-02-23 Paidir Laethúil
Is rud sách lom é machnamh a dhéanamh ar an mBreithiúnas Deireanach don chuid is mó againn. Anseo, cloisimid Íosa ag rá, aon uair a dhéanaimid ár ndícheall chun dea-oibreacha a dhéanamh do dhaoine eile, go bhfuilimid á ndéanamh dó, agus os a choinne sin, nuair a dhéanaimid faillí bheith flaithiúil i spiorad i leith na ndaoine mórthimpeall orainn, go bhfuilimid ag gníomhú ar an mbealach céanna ina leith siúd. Seasann Íosa taobh leis na boicht agus déanann sé soiléir gur cheart dúinn an rud céanna a dhéanamh muid féin.