Matha 27:11-54 ABN
11Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus dʼfhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.” 12Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. 13Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil dʼfhianaise acu á thabhairt i dʼaghaidh?” 14Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.
15Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. 16Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. 17Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?”– 18mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh. 19Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í mʼfhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.” 20Ach dʼáitigh na hardsagairt agus na seanóirí ar na sluaite Barabas a iarraidh agus Íosa a mhilleadh. 21Labhair an gobharnóir leo: “Cé acu den bheirt is rogha libh mé a scaoileadh chugaibh?” “Barabas!” ar siad. 22Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!” 23Dúirt seisean: “Ach cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!”
24Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.” 25Dʼfhreagair an pobal ar fad: “Go raibh a chuid fola orainn féin agus ar ár gclann!” 26Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
27Ansin rug saighdiúirí an ghobharnóra Íosa leo isteach sa phréatóiriam, agus chuir siad tionól ar an gcathlán go léir chuige. his head. 28Bhain siad de a chuid éadaigh agus ghléas siad i bhfallaing chraorag é: 29rinne siad coróin a fhí de dheilgneach agus í a bhualadh ar a cheann agus giolcach a chur ina láimh dheis, agus teacht ar a nglúine os a chomhair ag fonóid faoi ag rá: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!” 30Agus chaith siad seilí air agus bhí siad á bhualadh sa cheann leis an ngiolcach. 31Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an fhallaing, chuir siad a chuid éadaigh féin air agus sheol siad leo é chun a chéasta.
32Sa tslí amach dóibh, casadh fear Cuiréanach orthu arbh ainm dó Síomón; chuir siad dʼfhiacha air seo a chros a iompar. 33 Agus ar theacht dóibh go dtí áit ar a dtugtar Golgotá–is é sin le rá, Áit an Chloiginn– 34thug siad le hól dó fíon a raibh domlas tríd, ach ar a bhlaiseadh dó, dhiúltaigh sé a ól. 35 Tar éis dóibh é a chéasadh, roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn, ;, 36agus dʼfhan siad ina suí ansiúd á ghardáil.. 37Cuireadh scríbhinn os a chionn ag insint cúis a dhaortha: “Is é seo Íosa Rí na nGiúdach.”
38Ansin céasadh mar aon leis beirt robálaithe, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé. 39Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann 40agus ag rá: “Thusa, a leagfadh Teampall Dé anuas agus a thógfadh é i dtrí lá, saor thú féin, más tú Mac Dé, agus tar anuas ón gcros!” 41Bhí na hardsagairt freisin ag fonóid faoi, in éineacht leis na scríobhaithe agus na seanóirí, agus deiridís: 42“Shaor sé daoine eile, ní féidir leis é féin a shaoradh! Is é Rí Iosrael é: tagadh sé anuas ón gcros feasta agus creidfimid ann. 43As Dia a bhí a mhuinín; fuasclaíodh Dia anois é más gnaoi leis é, óir dúirt sé féin: ‘Is mé Mac Dé.’ ” 44Na robálaithe freisin a céasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú mar an gcéanna.
45Ón séú huair bhí dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair. 46Agus timpeall an naoú huair, dʼéigh Íosa de ghlór ard: “Élí, Élí, lamá sabachtání?” is é sin le rá: “A Dhia, a Dhia, cén fáth ar thréig tú mé?” 47Dúirt cuid díobh seo a bhí i láthair, ar a chloisteáil sin dóibh: “Ag glaoch ar Éilias atá sé seo,” 48agus leis sin rith duine acu chun spúinse a fháil, thum i bhfínéagar é, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó. 49Ach dúirt an chuid eile: “Fan go bhfeicimid an dtiocfaidh Éilias á shaoradh.” 50Ach gháir Íosa amach arís de ghlór ard agus lig sé uaidh a spiorad. 51Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha. 52Dʼoscail na tuamaí agus dʼéirigh mórán de choirp na naomh a bhí ina suan: 53tháinig siad amach as na tuamaí tar éis dʼÍosa aiséirí agus isteach sa chathair naofa agus taibhsíodh iad dá lán. 54An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.” ,
“Copyright © 2021 National Council of Churches of Christ in the United States of America. Used by permission. All rights reserved worldwide.”
Machnamh on Matha 27:11-54 ABN
Inspioráid - 2026-03-29 Paidir Laethúil
Táimid ag bogadh isteach sa tSeachtain Mhór anois. Athraíonn an meon, agus titeann sollúntacht. Cad iad na smaointe agus na mothúcháin a thagann chun cinn agus tú ag léamh sonraí na páise? B’fhéidir go bhfaighidh tú cosúlachtaí leis an bhfulaingt i do shaol féin. B’fhéidir gur cúisíodh go mícheart thú, b’fhéidir nár thacaigh daoine leat nuair a bhí gá le tacaíocht, nó gur chuaigh tú leis an slua agus anois mothaíonn tú ciontach mar nár labhair tú amach? B’fhéidir go labhrófá le Dia faoi na smaointe a thagann chun cinn ionat. B’fhéidir gur mhaith leat guí ar son cneasaithe gortuithe nó b’fhéidir go mbraithfeá glao ort fanacht ciúin agus fanacht leis an méid atá i do chroí.