Matha 9:14-15 ABN


14Tháinig deisceabail Eoin chuige ansin agus dúirt siad: “Cén fáth a mbíonn a lán troscaidh ar siúl againne agus ag na Fairisínigh, ach nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?” 15 Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.