Matthew 10:34-11:1 ABN

34 “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh.

35Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile, 36agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine.

37An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; 38agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. 39An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é.

40“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. 41An té a ghlacann fáidh as ucht gur fáidh é, is tuarastal fáidh a gheobhaidh; agus an té a ghlacfaidh fíréan as ucht gur fíréan é, is tuarastal fíréin a gheobhaidh. 42Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán dʼfhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”

1Ansin, nuair a bhí deireadh na rialacha sin tugtha ag Íosa dá dháréag deisceabal, dʼfhág sé an áit sin chun dul ag teagasc agus ag seanmóir ina gcathracha.


Machnamh on Matthew 10:34-11:1 ABN

Inspioráid - 2026-07-13 Paidir Laethúil

Labhair an Pápa Proinsias, go háirithe ina chéad chainteanna díreach i ndiaidh a thoghcháin chuig an bpápacht, faoin gcaoi a bhféadfadh gníomhartha beaga, ar cosúil go bhfuil cuma neamhthábhachtach orthu, rud i bhfad níos mó a léiriú. Léirítear grá, a mhaígh sé, i rudaí beaga. Is minic a bhíonn tionchar i bhfad níos mó ag barróg, aoibh gháire, cúpla focal simplí leo siúd mórthimpeall orainn ná mar a shamhlóimis. Ar maidin inniu féin, luaigh duine éigin go gcuirfeadh an seanmóir a thug mé ag an Aifreann iad ag siúl ar an aer don lá. Níl a fhios agam fúthu, a Thiarna, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh a gcuid focal an rud céanna domsa.