Matthew 5:1-12 ABN

1Nuair a chonaic sé na sluaite, chuaigh sé an sliabh suas. Shuigh sé síos agus tháinig a dheisceabail chuige. 2 Thosaigh sé ag caint leo á dteagasc agus dúirt:

3“Is méanar dóibh seo atá bocht ó spiorad, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

4“Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.

5“Is méanar dóibh seo atá ceansa, óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.

6““Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.

7“Is méanar do lucht na trócaire, óir déanfar trócaire orthu.

8“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.

9“Is méanar do lucht síochána a dhéanamh, óir glaofar clann Dé orthu.

10“Is méanar dóibh seo a dʼfhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht, óir is leo ríocht na bhflaitheas.

11“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa. 12Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh; óir is mar sin a rinneadh géarleanúint ar na fáithe a chuaigh romhaibh.


Machnamh on Matthew 5:1-12 ABN

Inspioráid - 2025-11-01 Paidir Laethúil

Seo í an chéad seanmóir mhór a thug Íosa sna soiscéil. Leagann sé amach ann cuid mhaith de luachanna ríocht Dé. Tá siad contrártha le cuid mhaith de luachanna an domhain. Léiríonn siad freisin na luachanna ar mhair Íosa féin. Guímis go ndéanfaimid aithris air agus go ndéanfaimis ár ndícheall chomh maith agus is féidir linn ‘a bheith foirfe mar atá ár nAthair Neamhaí foirfe’.