Eolaíocht, Túsphointe an Chreidimh

Tugann creideamh freagra ar cheisteanna ar nós: Cén fáth a bhfuilimid ann? Cad is brí leis an saol? Cén fáth go bhfuil rud éigin ann in ionad rud ar bith? Ní féidir leis an bhfisic núicléach, leis an gceimic ná leis an matamaitic na ceisteanna sin a fhreagairt. Ní hé sin a réimse. Is í an cheist atá an t-eolaí ag iarraidh a fhreagairt ná conas a oibríonn ár ndomhan. Le céadta bliain, cheap agus chreid daoine go bhféadfaidís an freagra ar an gceist sin a fháil sa Bhíobla. Níl ach cúpla céad bliain caite ó thosaigh Críostaithe ag díchumadh na gceisteanna seo, rud atá fós ar siúl.
Deir go leor daoine gur chreid siad mar pháistí, ach gur chaill siad a gcreideamh nuair a d’aimsigh siad an eolaíocht. Ceann de na cúiseanna leis seo ná go bhfuil eolas go leor daoine ar an gcreideamh teoranta don eolas a bhí acu air nuair a bhí siad ina bpáistí. Ní haon ionadh é go mbaintear an bonn den chreideamh sin de bharr an aghaidh a thabhairt ar smaointeoireacht eolaíoch. Do dhaoine eile, is é cleachtadh na heolaíochta go díreach atá mar phointe tosaigh ar chonair an chreidimh: Cé nó cad atá i mbun an chosmas thar a bheith álainn seo?

Nikolaas Sintobin SJ, Did Jesus Really Exist? And 51 other questions