Is Comhpháirtithe Gníomhacha muid in Obair Dé

Rud éigin le machnamh agus le guí faoi gach lá an tseachtain seo:

D’fhéach siad anuas ó neamh – an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh – le grá dá muintir. Chonaic siad fir agus mná de gach cine, dath, aois, creideamh, naofacht agus peacacht. Bhí a fhios acu go raibh cabhair ag teastáil don chine daonna agus d’fhan siad i bhfad sular tháinig an t-am ceart.
Briathar Dé, Mac Dé, a rugadh roimh gach aois, rinneadh duine againn de. Tá a fhios againn an chuid eile den scéal. Rinneadh duine inár measc de phearsan de chuid na Tríonóide, ionas go bhféadfaimis a bheith cosúil leo. Rugadh Íosa, Mac an Athar síoraí, cosúil linne, mhair sé agus fuair sé bás cosúil linne. Maraíodh go cruálach é agus ansin leagadh san uaigh é, tháinig an Spiorad beo ann, agus anois tá Spiorad Íosa agus an Athar beo i ngach duine againn ó bhaisteadh é.
Déantar ghnáthshaol de shaol na Tríonóide sa ghrá, sa chúram agus sa mhaithiúnas a chuirimid ar fáil dá chéile. Tá sé ann freisin sna bealaí ina ndéanaimid iarracht feabhas a chur ar shaol na mbocht, na ndaoine atá faoi dhúlagar agus na ndaoine atá imníoch. Tá sé ann freisin sa chaoi a ndéanaimid iarracht na ceachtanna is fearr faoin gcine daonna agus faoin gcreideamh a mhúineadh do ghlúin óg, agus rúndiamhair Dé a chur in aithne dóibh. Is comhpháirtithe gníomhacha muid in obair Dé, an Athar, an Mhic agus an Spioraid Naoimh ar domhan inniu.

Donal Neary SJ, Machnaimh Soiscéil do Dhomhnaigh na Bliana A